Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Names for Love (ar athláimh)

Patrick Deeley. Dedalus, 1990. Clúdach bog, riocht iontach.

Léas ar an Astráil (ar athláimh)

Tomás de Paor. An Clóchomhar Teoranta 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Listen and Learn – New Series No. 1 (ar athláimh)

Radio Éireann. Aindrias Ó Muimhneacháin. Clúdach bog. Dorchú ar an imeall, ainm an iar-úinéir ar an chlúdach. Cúpla nóta scríofa i bpeann luaidhe taobh istigh.

An Tarbh – Bealtaine 1998 (ar athláimh)

Eagrán speisialta Cuimhneacháin Oscailt Clubtheach CLG Chluain Tarbh. Irisleabhar A5, clúdach bog, riocht cuibheasach.

Cré na Cille [2007] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 2007. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht iontach. Cúpla marc an-bheag ar an bhforchlúdach.

Cóta Bán Chríost (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal agus Dill, 1977. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Nua Aois 1984 (ar athláimh)

Caoimhín Breatnach a chuir in eagar. An Cumann Liteartha, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Clúdach bog. Smál ar an chlúdach, dath ídithe. Bloc téacs an-ghlan.

Conradh na Gaeilge agus an tOideachas Aosach (ar athláimh)

Seán Mac Mathúna agus Risteard Mac Gabhann. Cló Chois Fharraige, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe agus smál air. Píosa scríbhneoireachta taobh istigh.

Great Irish Artists from Lavery to Le Brocquy [crua, 1997] (ar athláimh)

S.B. Kennedy. Forchlúdach leis. Ainm an iar-úinéara istigh ann. De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus is féidir linn le costais próiseála a chlúdach, le gur féidir leis na leabhair ar fad sa chnuasach baile nua a…

Caoin Tú Féin [1986, greamán] (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, 1986. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál an-bheag agus beagán deannaigh ar an chlúdach, agus greamáin air. Uimhreacha scríofa ar barr roinnt leathanaigh, ach iad an-ghlan seachas sin.

The Green Cockade – The Irish in the French Revolution 1789-1815 (ar athláimh)

Liam Swords. Glendale, 1989. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droim ídithe, marcanna air. Dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéir scríofa taobh istigh.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis, Sáirséal agus Dill. 1960. Clúdach crua. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan

Dónall Ó Conaill (ar athláimh)

An tAthair Antaine Ó Duibhir. Oifig an tSoláthair, 1967. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht cuibheasach maith. Forchlúdach stróicthe ar barr. Cnag ar an bhforchlúdach agus é caite ar an imeall. Smál ar na leathanaigh ceangail.

Féile Zozimus – Volume 3 (ar athláimh)

Two Dubliners – Seán O’Casey, Donn S. Piatt. Gael-Linn 1994. Clúdach bog, riocht iontach.

Revolution – A Photographic History … (ar athláimh)

A Photographic History of Revolutionary Ireland 1913-1923. Pádraig Óg Ó Ruairc. Mercier Press, 2011. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach, atá beagáinín caite sna cúinní.

Fiúntas Nua – Seaneagrán – Téacsleabhar aonair – Le cód rleabhair (ar athláimh) (clúdaithe)

Cóip athláimhe den téacsleabhar Fiúntas Nua, cúrsa iomlán le haghaidh na hArdteistiméíreachta. Níl an leabhar saothair leis. Tá an cód don ríomhleabhar fós ann.

Duanaire Déiseach (ar athláimh)

Nioclás Tóibín. Sáirséal agus Dill, an chéad chló, 1978. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith. Roinnt smál air. Bloc téacs an-ghlan.

Nuafhilí 1942-1952 (ar athláimh)

Séamas Ó Céileachair a chuir in eagar. Clúdach crua, forchlúdach leis. Forchlúdach caite, dath ídithe air. Clúdach crua agus bloc téacs glan. Oifig an tSoláthair, athcló 1969.

Codladh an Ghaiscígh (ar athláimh)

Máire mhac an tSaoi. Sáirséal agus Dill 1973, an chéad chló. Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis. Riocht an-mhaith. Smál beag ar an imeall, ar an bhforchlúdach plaisteach.

Bligeard Sráide (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 1983. Líníocht le Michael Mulcahy. Clúdach bog, riocht maith, smál beag ar an gclúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil