Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Kilcullen (ar athláimh)

Enda Pádraig O’Coineen. Clúdach bog. Mercier Press. 1978. Riocht an-mhaith.

The Godstone and the Blackymor (ar athláimh)

Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Riocht Maith. T.H. White, The Reprint Society LTD, 1959.

The Day Michael Collins Was Shot (ar athláimh)

Meda Ryan. Poolbeg, 1994. Riocht an-mhaith.

Cliamhain Isteach agus An Seanphoncán Saibhir (ar athláimh)

Gearrdhrámaí Trí Radharc. Pádraig Ó Coileáin. Sáirséal agus Dill, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe, smál beag air. Dorchú ar na leathanaigh.

The Killing of Major Denis Mahon (ar athláimh)

Peter Duffy. Harper, 2007. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall. Ruachan ar na leathanaigh cheangail, agus cúpla leathanach ag an tús.

The Emergency – Neutral Ireland 1939-45 (ar athláimh)

Bernard Share. Gill and Macmillan, 1978. Clúdach crua, riocht maith go leor. Dath an droma/chlúdaigh ídithe, smál ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

An Bealach Romhainn (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. 1974, Clódhanna Teoranta. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Meirg bheag ar na stáplaí.

An Fête agus scéalta eile (ar athláimh)

Beairtle Ó Conaire. Clódóirí Lurgan. 1984. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

The Irish Parliamentary Tradition (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Brian Farrell. Gill & Macmillan, 1973. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach. Dorchú ar an taobh.

An Mhaighdean Ghlórmhar (ar athláimh)

An tAthair Conn Ó Mongáin. M. H. Mac Goill & a Mhac, Teor., 1936. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus na cúinní brúite. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan.

Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha (ar athláimh)

Cuid a h-Aon. An tAthair Peadar Ua Laoghaire. Brún agus Ó Nualláin, Teor. 1922. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus cúpla smál air. Dorchú ar na leathanaigh ach bloc téacs an-ghlan.

Uaigneas an Ghleanna & Chun na Farraige Síos (ar athláimh)

J.M. Synge. Aistrithe ag Tomás Ó Flaithearta. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach agus na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

Poetry Ireland Review Issue Number 39 (ar athláimh)

Special Issue: Contemporary Poetry in Irish. Curtha in eagar ag Seán Ó Cearnaigh. Fómhair 1993. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar an chlúdach.

An Ghaeilge an Ghaeltacht agus 1992 (ar athláimh)

Gearóid Denvir. Glór na nGael, 1989. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe. Marcanna beaga ar an chlúdach.

Constance Markievicz (ar athláimh)

Sean O Faolain. Sphere Books Limited, 1934. Clúdach bog, riocht maith go leor. Roic agus smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Ruachan ar na leathanaigh cheangail.

Living Dangerously (ar athláimh)

A memoir of poilitical change in Malawi. Pádraig Ó Máille. Dudu Nsomba Publications Glasgow, 1999. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar taobh istigh.

Ór Spáinneach (ar athláimh)

Spanish Gold. Clúdach crua gan fhorclúdach. George A. Birmingham. Pádraic Óg Ó Conaire a d’aistrigh. Oifig an tSoláthair 1938.

Michael Collins – The Bestselling Biography (ar athláimh)

Tim Pat Coogan. Arrow Books, 1991. Paperback. Riocht maith, dath ídithe in áiteanna. Dorchú ar na leathanaigh.

Foclóir Bia agus Dí (ar athláimh)

An Irish Dictionary for the Food and Beverage Industry. Bord na Gaeilge, 1994. Riocht an-mhaith.

Irish Traditional Music Archive – The First Ten Years (ar athláimh)

Taisce Cheol Dúchais Éireann – Na Chéad Deich mBliana. ITMA, 1997. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Deannach ar an chlúdach, roinnt marcanna agus an clúdach caite beagán in áiteanna. Na leathanaigh an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil