Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

The Modern Traveller to theEarly Irish Church. (ar athláimh)

Kathleen Hughes and Ann Hamlin. Four Courts Press, 1977. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar bun.

Cleachta Lútha d’Aos Óg Éireann (ar athláimh)

Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach leath-chrua le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Forchlúdach beagáinín caite agus smál beaga air. Ruachan ar na leathanaigh cheangail, bloc teacs an-ghlan. Droim beagáinín leochaileach taobh istigh.

An Cheallúnach (ar athláimh)

Brian Ó Maoileoin. Coiscéim, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Óige an Dearthár .i. Myles na gCopaleen (ar athláimh)

Ciarán Ó Nualláin. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló, 1973. Karl Uhlemann a rinne an obair dheartha. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Smál agus ruachan ar an bhforchlúdach, agus an dath ídithe air chomh maith. Gearrthóga maidir le Myles na gCopaleen agus síniú an iar-úinéara laistigh.

Seandaoine (ar athláimh)

Cnuasach gearrscéalta le Conchubhar Ó Ruairc. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló 1973. Léaráidí le Karl Uhlemann. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht an-mhaith. Síniú an iar-úinéara laistigh.

The Corgi Quiz Book (ar athláimh)

Dan Sitter. Transworld, 1964. Clúdach bog, riocht cuibheasach. Dath an chlúdaigh ídithe agus smáil air. Droim rocach. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh dorcha ach glan.

The Irish struggle 1916-1926 – Desmond Williams 3ú Cló 1968 (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Spotaí ar an imeall. Dath an fhorchlúdaigh ídíthe, smál air, stróicthe ag bun an droma. Londain: Routledge & Kegan Paul. In eagar ag Desmond Williams.

Maol Íosa Ó Brolcháin (ar athláimh)

Muireann Ní Bhrolcháin. An Sagart, Maigh Nuad, 1986. Clúdach bog, i riocht maith. Dorchú ar an gclúdach agus ar chuid de na leathanaigh.Síniú an iar-úinéara laistigh.

Na hAird ó Thuaidh (ar athláimh)

Pádraig Ua Maoileoin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1960. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith go leor. Smál ar an bhforchlúdach, atá stróicthe in áiteanna, go háirithe ar chúl. Smál mór ar chúl chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Uaigneas an Ghleanna & Chun na Farraige Síos (ar athláimh)

J.M. Synge. Aistrithe ag Tomás Ó Flaithearta. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach agus na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

SHIÀNA (ar athláimh)

Peadar Ó Laeri. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach ídithe. Droim stróicthe. Bloc téacs i riocht maith

An Gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940 (ar athláimh)

Aisling Nic Dhonnchadha. An Clóchomhar 1981. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Béasa an Túir (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. An Clóchomhar 1984. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Doing Irish Local History (ar athláimh)

Pursuit and Practice. Curtha in eagar ag Raymond Gillespie agus Myrtle Hill. The Institute of Irish Studies, Queen’s University Belfast, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál ar chúl.

Eriugenia – An Introduction (ar athláimh)

Original Writing, 2015. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Eireaball Spideoige [1952] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1952. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach agus leathanach cheangal. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Nua Gach Bia (ar athláimh)

A Dictionary of Cookery, English-Irish, Irish-English. Muiris Ó Droighneáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith go leor. Deannach agus cúpla smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Dóchas agus Duainéis (ar athláimh)

Scéal Chonradh na Gaeilge 1922-1932. Aindrias Ó Muimhneacháin. Cló Mercier, 1974. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Dath an fhorchlúdaigh ídithe agus smáil air. Na himill beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Carn (ar athláimh)

No.66, Summer 1989. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar an chlúdach. Droim beagáinín lúbtha. Bloc téacs i riocht iontach.

Nua-aois 1978-1979 (ar athláimh)

Máire Bhreathnach a chuir in eagar. An Cumann Liteartha Colaiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Eagrán VII. Riocht maith, an clúdach rocach agus dorchú le feiceáil air. Smál in áiteanna.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil