Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

An Bealach Chun a’ Bhearnais (ar athláimh)

Tarlach Ó hUid. Clólucht an Talbóidigh. An chéad chló, 1949. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach caite ar an imeall, smál air agus dorchú ar chúl. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Aspects of RTÉ Television Broadcasting (ar athláimh)

Citizens for better broadcasting. Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara ar an chlúdach.

The Stalker Affair and the Press (ar athláimh)

David Murphy, Unwin Hyman 1991. Clúdach bog, riocht maith.

As I Roved Out (ar athláimh)

A Book of the North. Cathal O’Byrne. Series of Historical Sketches of Ulster and Old Belfast. The Universities Press Ltd., 1982. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh, ruachan ar imeall na leathanach. Tipp-Ex ar an leathanach ceangal.

Lucht Ceoil [1932] (ar athláimh)

Barra Ó Caochlaigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua, Forchlúdach lámhdhéanta leis. Riocht maith.

The Celts (ar athláimh)

Joseph Raftery. Mercier Press. Clúdach bog, spotaí agus marcanna ar an gclúdach.

The Sea and the Easter Rising (ar athláimh)

John de Courcy Ireland. Maritime Institute of Ireland, 1996. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Clúdach rocach agus smál ar chúl.

William Molyneux of Dublin (ar athláimh)

A Life of the Seventeenth-Century Political Writer & Scientist. J.G. Simms. Irish Academic Press, 1982. Clúdach bog, smál beag air agus dath ídithe ar an droim. Riocht maith.

Dialects of Ulster Irish (ar athláimh)

Cathair Ó Dochartaigh. Institiúid Ard-Léinn, Ollscoil na Banríona, 1987. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Nóta dea-ghuí ón údar don iar-úinéar.

Window on the World (ar athláimh)

An Essay on Culture. Dr. Eileen Kane. Clódhanna Teoranta, 1976. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe agus smál ar an chlúdach.

An Dá Thrá (ar athláimh)

Smál ar an bhforchlúdach, é lag. Dath níos fearr leis sa bhfíorshaol – níl sé iomlán chomh ídithe ag an solas is a thaispeántar.

Poetry Ireland Review Issue Number 49 (ar athláimh)

In eagar ag Liam Ó Muirthile. Spring/Earrach 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

An Bheatha Chrábhaidh (ar athláimh)

(“De Theacht Isteach ar an mBeathaidh Crábhaidh”). Mághnus Ó Domhnaill a chuir in eagar. Oifig an tSoláthair, 1938. Clúdach crua, le forchlúdach lámhdéanta páipéir. Smál ar an bhforchlúdach agus é caitear an imeall. Lebahar féin i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh agus píosa scríbhneoireachta ar an leathanach cheangal.

Cnósach Gearr-Scéal (ar athláimh)

Risteárd Ó Foghludha. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1934. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dath ídithe áit ina raibh greamán. Spotaí ar an taobh.

Goltraí, Geantraí is Suantraí (ar athláimh)

Ceol do Mheadhon-SCoileanna. Donnchadh Ua Braoin. Brún agus Ó Nualláin Teoranta. Clúdach bog le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Riocht maith. Teideal scríofa ar an droim. Cúinní na leathanaigh lúbtha. Na leathanaigh an-ghlan. Meirg ar na stáplaí.

Dord Deataigh – Dánta ón tSaimbia (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Liam Ó hÁinle. Riocht an-mhaith.

An Giolla Dubh – Naoi nGabhadh an Ghiolla Dhuibh (ar athláimh)

Clúdach bog. An droim ag streachailt beagáinín. Clúdaithe le clúdach breise déanta as páipéar donn. Líon beag nótaí scríofa isteach ann le peann luaidhe; an chuid is mó de na leathanaigh glan.

Ceol na Scol (ar athláimh)

Leabhar Amhrán le hAghaidh na Scol. An Dr. V. Ó Briain agus Stan Ó Briain. Comhlucht Oideachais na hÉireann. Leabhrán bog le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Teideal scríofa ar an droim. Riocht maith. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs glan seachas cúpla spota ar roinnt leathanaigh.

Cogadh na Reann [1934] (ar athláimh)

The War of the Worlds. H.G. Wells do cheap. Leon Ó Broin a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Clúdach crua, níl forchlúdach leis. Dath an chlúdaigh ídithe, smál air agus áit a cuireadh deoch sa mhullach air, is cosúil.

Dublin Historical Record March 1938 (ar athláimh)

Leabhrán bog, riocht cuibheasach caite. Bloc téacs nach mór éalaithe ón chlúdach. Smál ar an chlúdach chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil