Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Oidhe Chloinne Uisnigh / Fate of the Children of Uisneach (ar athláimh)

With Translation, Notes and Vocabulary. M. H. Gill & Son, Ltd. 1914. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach, beagáinín caite ar an imeall agus droim. Smál agus ainm an iar-úinéara air. Píosa scríbhneoireachta ar cúpla leathanach i bpeann luaidhe.

Solas – a Tale in Three Parts (ar athláimh)

Thomas Campbell. Ogham Press, 1987. Clúdach bog, riocht maith. Smáil agus deannach ar an chlúdach, roic air chomh maith. Na leathanaigh dorcha ach glan.

The Greatest of These (ar athláimh)

Francis McManus. Mercier Press. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach. Fíorbheagáinín caite ar bhun agus barr an droma. Spotaí ar an taobh, na leathanaigh féin an-ghlan.

I n-Aimsir Eoghain Ruaidh (ar athláimh)

Scéal Fá Éirghe-Amach 1641. In the Days of Owen Roe. James Murphy. Aistrithe ag Pádraig Mac Seaghain. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1935. Riocht maith. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Cúpla smál ar an chlúdach, dath an droma ídithe. Spotaí ar an taobh agus dorchú ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

An Tine Bheo (ar athláimh)

Mícheál Ó hOdhráin. Foilseacháin Náisiúnta Tta., an chéad chló 1965. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach caite, agus smál air. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Roibeart Emmet [1936] (ar athláimh)

Clúdach crua. Raymond W. Postgate do sgríobh. Níl forchlúdach leis. Niall Ó Domhnaill a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht maith.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis. Sáirséal agus Dill. An Chéad Cló, 1955. Clúdach leathchrua le forchlúdach. Riocht cuibheasach. Forchlúdach caite, stróicthe ar na himill,dath ídithe agus smál air. Spotaí ar na leathanaigh cheangail, dorchú ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Welsh Words and Phrases (ar athláimh)

Emeralda Ltd., 1979. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla marc beag air.

Feis Cheoil an Iarthair – 1968 (ar athláimh)

32ú Feis. Leabhrán. Clár na Feise. Riocht maith. Meirg ar na stáplaí.

Balbh go Mailíseach (ar athláimh)

Alec Bán Mac Conaill. Coiscéim, 1991. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, smál ar chúl.

Stones of Aran – Pilgrimage (ar athláimh)

Tim Robinson. Penguin Books, 1986. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Droim rocach, imeall beagáinín caite. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

An tOilithreach Gaelach – Treoir don leabhar ‘Mo Scéal Féin’ le Peadar Ó laoghaire (ar athláimh)

Cyril Ó Céirín. Oideas Mercier, 1973. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dorchú ar na leathanaigh. Bloc téacs an-ghlan.

Dúdhúchas (ar athláimh)

Pádraig Ó Máille. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Beagáinín deannaigh agus smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Fear an Tae (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Cois Life, 1999. Clúdach bog, riocht iontach. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Seantéada ar Crith (ar athláimh)

Máirtín Ó Corrbuí. Clúdach crua, gan forchlúdach. Clódhanna Teoranta, 1965. Riocht an-mhaith.

Muintir (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1971. Clúdach crua, riocht an-mhaith. Cúpla smál ar an chlúdach agus taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Pádraig Mac Piarais agus Éire lena linn (ar athláimh)

Séamas Ó Buachalla. Mercier, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál agus roic ar an chlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Old Kilkenny Review 2008 (ar athláimh)

Journal of the Kilkenny Archaeological Society, no.60. Clúdach bog, riocht maith. Deannach ar an chlúdach. Barr an droma caite.

Ciarán Fitzgerald agus Foireann Rugbaí na hÉireann (ar athláimh)

Breandán Ó hEithir. Coiscéim, 1985. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht maith. An leathanach cheangal ag éalú. Smál ar an chlúdach.

Mediaeval and Modern Irish Series Volume V – Táin Bó Fraích (ar athláimh)

Mary E. Byrne, Myles Dillon. The Stationery Office, 1933. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Clúdach beagáinín caite ar an imeall, smál air chomh maith. Dorchú ar na leathanaigh agus smál ar chuid d´øibh, ach iad ar fad inléite. Ainm an iar-úinéara taobh istigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil