Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

The IRA in the Twilight Years 1923-1948 (ar athláimh)

A totally new assessment with many photographs. Uinseann Mac Eoin. 1997. Argenta Publications. Clúdach bog, riocht maith, clúdach beagáinín caite ar an imeall, greamán praghais ar cúl.

Scéalaíocht na Ríthe [crua, 1956] (ar athláimh)

Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana a chuir in eagar. Micheál Mac Liammóir a mhaisigh. Sáirséál agus Dill. An Chéad Chló, 1956. Riocht maith. Smál ar an chlúdach agus tippex ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

Henry Flood (ar athláimh)

Aiste eolais ar a shaol is a shaothar le Séamus Puirséil. Clóhanna Teoranta 1973. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Leabhrán.

An Piarsach Óg agus Conradh na Gaeilge (ar athláimh)

Frank O’Brien. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Is Aisteach Liom – Ábhair agus Toradh Machnaimh [1963] (ar athláimh)

Clúdach bog. Riocht maith. Eagrán an Chlub Leabhar. Imeall an chlúdaigh caite agus smál ar chúl an leabhair. Liam Ó Luanaigh, Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, an chéad chló 1963. 125 lth De réir comhaontú leis an té a thug na leabhair seo dúinn, tá an praghas díolta ar an leabhar seo á choinneáil chomh híseal agus…

Flós Fómhair 1975 (ar athláimh)

Clúdach bog, dorchú ar an gclúdach. Riocht maith. Foilsithe ag An tOireachtas. In eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh.

Iris Teoin 1951 Wolfe Tone Annual (ar athláimh)

Tells the Thrilling Story of the Great National Rising of 1641. O’Higgins, 1951. Leabhrán bog, riocht maith. Dorchú agus ruachan ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

The Perversion of Science and Technology in Ireland (ar athláimh)

Derry Kelleher. Justice Books No.4. Leabhrán bog, riocht an-mhaith. Dath an droma ídithe.

W. E. H. Lecky – Historian and Politician 1838-1903 (ar athláimh)

Donal McCartney. The Lilliput Press, 1994. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

The Climate of Ireland (ar athláimh)

P.K. Rohan. January 1975. Published by The Stationery Office. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Óige an Dearthár .i. Myles na gCopaleen (ar athláimh)

Ciarán Ó Nualláin. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló, 1973. Karl Uhlemann a rinne an obair dheartha. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Smál agus ruachan ar an bhforchlúdach, agus an dath ídithe air chomh maith. Gearrthóga maidir le Myles na gCopaleen agus síniú an iar-úinéara laistigh.

An Dórd Féinne agus Dánta Eile (ar athláimh)

Cúpla aistriúchán scríofa istigh le peann agus tá na leathanaigh lag le smál an ama. Ainneoin clúdach cosanta bheith timpeall ar an leabhar, tá an fíorchlúdach lag agus ag fulaingt ó dhamáiste na gréine. Réamhrá le hÉamon de Valera.

Comhad Caoch (ar athláimh)

Seán Ó Siadhail. Coiscéim, 1993. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

The Fury of the Northmen (ar athláimh)

Saints, Shrines and Sea-Raiders in the Viking Age. John Marsden. Kyle Cathie Ltd., 1996. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, roinnt smál beag ar an chlúdach.

An Triail agus Breithiúnas (ar athláimh)

Máiréad Ní Ghráda. Oifig an tSoláthair, 1978. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach agus dath an droma ídithe.

Sceallóga (ar athláimh)

Deaglán de Bréadún. Comhar, 1990. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar taobh, dath ídithe ar an droim.

Pobail an Stáit agus an Ghaeilge 1920-39 (ar athláimh)

Seán Breandán Ó hUallacháin. Coiscéim, 2010. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Marc beag ar an taobh.

An Ungáir (ar athláimh)

Clúdach bog. An Dr. Joseph Szoverffy. 1958. Riocht maith. An clúdach ag dul níos faide ná an bloc téacs agus beagán caite.

Raon Mo Shiúil (ar athláimh)

Meabhracháin Iriseora San Eoraip. Ristéard Ó Glaisne. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta, An Chéad Chló 1972. Clúdach bog, i riocht maith. Ruachan ar imill na leathanach, agus smál beag orthu. Smál ar an droim agus smál beag ar an gclúdach. Síniú an iar-úinéara scríofa istigh.

Stríocaí ar Thóin Séabra (ar athláimh)

Ré Ó Laighléis. Coiscéim, 1998. Clúdach bog, riocht an-mhaith. 203 lch

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil