Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Seán T. II (ar athláimh)

Scéal a bheatha ó 1916 go 1923 inste ag Seán T. Ó Ceallaigh in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Cló Morainn. 1972. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach beagáinín caite.

Fenians and Fenianism (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Maurice Harmon, Scepter Books. 1970. Clúdach bog. Droim leochaileach. Smáil ar an gclúdach.

Coimpléascadh an Iain Uranail le Díorthaithe Arsónacha de Fínóil agus leis an Ia Cárbonáit (ar athláimh)

Mícheál Ó hEidhin, Coláiste na hOllscoile Gaillimh, 1970. Riocht an-mhaith, smál ar an gclúdach. 153 lth.

Mapping Ireland – from Kingdoms to Counties (ar athláimh)

Seán Connors. Mercier Press, 2001. Clúdach bog, riocht maith. Cúinní fíorbheagáinín lúbtha, smál beag ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Turas Éireann (ar athláimh)

Lorcán Ó Treasaigh. An Clóchomhar Tta., 1997. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Sínithe ag an údar. Roc agus marc ar an chlúdach.

Beart is Briathar 1 – Leabhar Saothair (ar athláimh)

Leabhar bog. Smál ar an gclúdach. Leabhar gramadaí don dalta meánscoile, leabhar oibre. Níl aon mharcanna ar na leathanaigh ná níl aon fhreagraí scríofa isteach ann.

Laochra na hÉireann agus na Cluichí Oilimpeacha 1896-1996 (ar athláimh)

Séamus Ware. Coiscéim, 1996. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

Teacht na nGael go hÉirinn (ar athláimh)

Clíodna Cussen. Coiscéim, 1995. Clúdach bog, riocht iontach. Sínithe ag an údar.

Scáthlán (ar athláimh)

Iris Chumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair. Uimhir 1. 1980. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dath ídithe beagáinín in áiteanna ar an chlúdach agus cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Sceallóga (ar athláimh)

Deaglán de Bréadún. Comhar, 1990. Clúdach bog, riocht maith. Smál beag ar taobh, dath ídithe ar an droim.

Ní Lia Tír (ar athláimh)

Caitlín Uí Mhurchú. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad chló, 1969. Sínithe ag an údar. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchleudach caite ar na himill agus ar an droim, roinnt smál air. Smál ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

An tSraith Tógtha (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1977. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an bhforchlúdach, atá beagáinín caite ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

School Climate Improvement – A Challenge to the School Administrator (ar athláimh)

Phi Delta Kappa. CFK Ltd. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach lúbtha, deannach agus smál air. Dath ídithe ar an imeall chomh maith. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Scian – Rogha Dánta (ar athláimh)

Tomás Mac Síomóin. Sáirséal Ó Marcaigh, an chéad chló, 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach.

Ceo Meala Lá Seaca (ar athláimh)

Micheál Mac Liammóir. Sáirséal agus Dill, an chéad cló 1952. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach agus caite beagáinín sna cúinní. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Dorchú ar na leathanaigh chomh maith agus ruachan ar na leathanaigh cheangail.

Leicseanáir V (ar athláimh)

Cuid V. Cóir na Naomh, Coitiantacht na Naomh, Aifrinn Dheasghnathacha agus Mhóidheacha agus Aifreann d’Ócáidí Áirithe. An Sagart, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Deannach ar an chlúdach agus cúpla smál beag air. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, dath an droma ídithe. Na himill beagáinín caite. Ruachan ar roinnt leathanaigh ach iad glan seachas sin.

Dúlra agus Dúchas – Our Heritage (ar athláimh)

Mícheál Mac Ginnea a scríobh. Mairéad Ní Nuadháin a mhaisigh. Oifig an tSoláthair, 1979. Clúdach crua le forchlúdach, i riocht maith. Smál in áiteanna ar an gclúdach agus ar na leathanaigh. Tipp-Ex curtha ar nóta lámhscríofa ar an leathanach teidil. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Léas ar an Astráil (ar athláimh)

Tomás de Paor. An Clóchomhar Teoranta 1989. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Onncail Seárlaí (ar athláimh)

Seán Ó Ciarghusa. C.S. Ó Fallamhain Teo., 1930. Clúdach crua gan forchlúdach, riocht maith. Droim/imill beagáinín caite agus smál ar an chlúach. Stampa iar-leabharlainne taobh istigh, agus spotaí ar an taobh.

An Intelligent Visitor’s Guide to the Irish (ar athláimh)

Breda Dunne. The Mercier Press, 1990. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dath ídithe ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil