Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Mo Sgéal Féin [forchlúdach páipéir] (ar athláimh)

An tAth. Peadar Ua Laoghaire. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach crua le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Riocht maith. Forchlúdach dorcha agus stróicthe ar an droim. Píosa scríbhneoireachta ar roinnt leathanaigh ag an tús i bpeann luaidhe. Na leathanaigh glan seachas sin.

The Day Michael Collins Was Shot (ar athláimh)

Meda Ryan. Poolbeg, 1994. Riocht an-mhaith.

Jeaicín File (ar athláimh)

S.E. Ó Cearbhall. Clúdach bog. Coiscéim a d’fhoilsigh. Riocht an-mhaith.

An Uain Bheo [1968] (ar athláimh)

Diarmaid Ó Súilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1968. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

An Tost a Scagadh (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim. An Chéad Cló, 1993. Sínithe ag an údar. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar an taobh agus imill na leathanaigh.

Ciste fé Thalamh (ar athláimh)

Clúdach bog. Oliver Ellis. Riocht an-mhaith, meirg ar na stáplaí.

Scríobh 2 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Seán Ó Mórdha. An Clóchomhar Tta, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe ar an imeall. Spotaí ar an taobh.

Craobh den Chonradh – Dún Dealgan 1899-1976 (ar athláimh)

Clúdach crua, riocht an-mhaith. Séamas Céitinn. Coiste Mhuirtheimhne. 1980.

Parnell – the Politics of Power (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Donal McCartney. Wolfhound Press, 1991. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Shiàna (ar athláimh)

Peadur Ó Laeri. Muintir na Leour Galuingi/The Irish Book Company 1914. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Cuid den droim imithe, clúdach stróicthe ar bhun. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe. Dorchú ar na leathanaigh.

An Intelligent Visitor’s Guide to the Irish (ar athláimh)

Breda Dunne. The Mercier Press, 1990. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dath ídithe ar an droim. Dorchú ar imeall na leathanaigh.

Keeping Us in the Dark (ar athláimh)

Censorship and Freedom of Information in Ireland. Brendan Ryan. Gill & Macmillan, 1995. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Guinness Book of Olympic Records (ar athláimh)

Norris and Ross McWhirter. Bantam Books, 1967. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smáil ar an chlúdach. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Lá an Phaoraigh (ar athláimh)

Seán Óg de Paor, Cló Iar-Chonnachta. An Chéad Chló, 2007. Clúdach bog. Riocht sár-mhaith. Bloc téacs an-ghlan. Sínithe ag an údar.

Flós Fómhair 1975 (ar athláimh)

Clúdach bog, dorchú ar an gclúdach. Riocht maith. Foilsithe ag An tOireachtas. In eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh.

Dord Deataigh – Dánta ón tSaimbia (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Liam Ó hÁinle. Riocht an-mhaith.

Saoghal Corrach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Ruachan taobh istigh den chlúdach agus ar an imeall. Dath an fhorchlúdaigh ídithe beagán. An Press Náisiúnta.

Le Linn ár nÓige [1938] (ar athláimh)

Ainm an iar-úinéara gearrtha amach. Leabhar crua. Tomás de Bhial a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht an-mhaith.

Seanmóirí Muighe Nuadhad – Imleabhar a Dó (ar athláimh)

tógtha as na láimhscríbhinnibh i Leabharlann Mhór an Choláisde – iar n-a n-aithscríobhadh agus a gcur i n-eagar ag na macaibh-léighinn do Chonnradh Chuilm Naomhtha. M. H. Gill agus a Mhac, 1907.

El Corderito (ar athláimh)

Saothair Alfonsais Uí Luain (Alfie Lambe) Toscaire Léigiúnach i Meiriceá Theas 1953-1959. Séamas S. de Vál. Foilseacháin Ábhair Spioradálta, 2011. Clúdach bog, richt an-mhaith.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil